| Dubhghlas de hÍde | ||
|
||
|
1ú Uachtarán
|
||
| I bhfeidhmeannas: | 25 Meitheamh, 1938 – 24 Meitheamh, 1949 | |
| Uimhir tréimhsí: | 1 | |
| Réamhtheachtaí: | Neamhbhainteach | |
| Comharba: | Seán T. Ó Ceallaigh | |
| Ainmnithe ag: | Fianna Fáil agus Fine Gael le chéile | |
| Iarrthóirí eile: | Neamhbhainteach | |
|
|
||
| Dáta breithe: | 17 Eanáir, 1860 | |
| Áit bhreithe: | Ros Comáin, Éire | |
| Dáta báis: | 12 Iúil, 1949 | |
| Áit bháis: | Baile Átha Cliath, Éire | |
| Céile: | Lucy Hyde | |
| Gairm: | Gníomhaí don Gaeilge; ollamh sa Coláiste Ollscoile, BÁC | |
| Síniú |
||
Scoláire agus polaiteoir Éireannach ab ea Dubhghlas de hÍde nó an Craoibhín Aoibhinn mar leasainmníodh é (Douglas Hyde as Béarla, 17 Eanáir 1860 - 12 Iúil 1949). B'eisean an chéad duine a roghnaíodh mar Uachtarán na hÉireann, agus chaith sé an seal idir na blianta 1938 agus 1945 san oifig seo. Níos luaithe, bhí sé ina bhunaitheoir ar Chonradh na Gaeilge, eagraíocht a bhí ag iarraidh an Ghaeilge a chosaint.
Clár ábhair |
Mac le ministir de chuid Eaglais na hÉireann Arthur Hyde ab ea é Dubhghlas de hÍde. Rugadh sa Chaisleán Riabhach i gContae Ros Comáin é, áit ar chuala sé Gaeilge á labhairt ag muintir na tuaithe. Thosaigh sé ag bailiú scéalta agus amhráin uathu. Bhí an-suim aige i dteangacha, agus tar éis staidéir i gColáiste na Tríonóide bhí Fraincis, Laidin, Gearmáinis, Gréigis agus Eabhrais líofa aige.
Bhunaigh sé Conradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus chaith blianta ina uachtarán ar an eagraíocht. Ní raibh spéis aige i ngluaiseacht pholaitiúil na saoirse agus d'éirigh sé as an gConradh ar Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan sa bhliain 1915, nuair a tháinig leithéidí Phádraig Mhic Piarais chun cinn san eagraíocht. Bhí sé ina bhall de Choiste na Leabhar ó bhunú an choiste sa bhliain 1928.
Ní raibh aon bhaint aige le Sinn Féin, nó an gluaiseacht neamhpleáchas i rith na blianta seo. Bhí sé sásta post a ghlacadh mar sheanadór, áfach, i Seanad Éireann. Chaill sé a shuíochán sa bhliain 1925. Nuair a cuireadh Oifig an Uachtaráin ar bun le Bunreacht na bliana 1937, b'é de hÍde an chéad duine a toghadh.
| Uachtaráin na hÉireann |
|---|
| Dubhghlas de hÍde | Seán T. Ó Ceallaigh | Éamon de Valera | Erskine Childers | Cearbhall Ó Dálaigh | Pádraig Ó hIrighile | Máire Mhic Róibín | Máire Mhic Ghiolla Íosa |
stock | retire | vm
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History