Bráithre Críostaí


Bhunaigh Éamann Iognáid Rís Ord na mBráithre Críostaí (go hoifigiúil sa Laidin Congregatio Fratrum Christianorum) sa bhliain 1802 i bPort Láirge. San oideachas a bhí a bpríomh-aidhm agus laistigh de roinnt blianta bhí scoileanna acu i gCarraig na Siúire, Dún Garbhán, Corcaigh, agus Baile Átha Cliath.

Sa lá inniu tá scoileanna acu ar fud na tíre in Éirinn, agus san Astráil, sa Ríocht Aontaithe, san Nua-Shéalainn (agus roinnt tíortha eile) freisin.

Le déanaí in Éirinn d'fhógair na Bráithre Críostaí go bhfuil said ag éirí as an ról bainistíochta scoile a bhíodh acu. Tá an ról sin acu ó bunaíodh an t-Ord, ach níl go leor Bráithre inniu chun bainistíocht a dhéanamh ar na scoileanna.[1] Tá "Iontaobhas Scoile Éamonn de Rís" (nó The Edmund Rice Schools Trust) á bhunú acu agus is é an t-Iontaobhas seo a eagróidh bainistíocht na scoileanna as seo amach.[1]

Tagairtí


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.








stock | retire | vm
Why are we here?
All text is available under the terms of the GNU Free Documentation License
This page is cache of Wikipedia. History